Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad is Pinsean Easláine ann?

Is íocaíocht seachtaine é Pinsean Easláine do dhaoine nach bhfuil sé ar a gcumas tabhairt faoi obair bhuan toisc breoiteacht nó míchumas. Tá sé bunaithe ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) agus ní sé tástáilte ó thaobh acmhainne de.

Is féidir leat Ráiteas Ranníocaíochta a lorg chun do thaifead árachais shóisialaigh a athbhreithniú.

Cé atá i dteideal Pinsean Easláine a fháil?

Caithfidh siad seo a leanas a bheith amhlaidh chun cáiliú le haghaidh Pinsean Easláine:

Is féidir leat teacht ar eolas breise maidir le Pinsean Easláine ach cuairt a thabhairt ar gov.ie.

Conas ullmhú le haghaidh d’iarratas ar Phinsean Easláine:

Baineann dhá chuidleis an iarratas ar Phinsean Easláine:

  1. An t-iarratas ar líne seo agus é comhlánaithe agatsa
  2. An fhoirm liachta ar pháipéar (INVMed1) comhlánaithe ag do dhochtúir nó DG. Tá fáil ar an bhfoirm INVMed1 ó gov.ie agus is féidir í a íoslódáil nó í a fháil ó d’Ionad Intreo áitiúil

D’fhéadfaí nach n-iarrfaí ort foirm INVMed1 atá mar chuid den iarratas seo a chur ar fáil, más amhlaidh é gur sholáthar tú le déanaí, faisnéis liachta a bhaineann le híocaíocht fhadtéarmaí atá bunaithe ar bhreoiteacht.

Nóta tábhachtach: 

Is é an bealach is tapa chun cinneadh a fháil maidir le d’éileamh ná an fhoirm INVMed1 a uaslódáil i dteannta d’iarratais ar líne. Muna féidir leat an fhoirm INVMed a uaslódáil, cuir ar fáil í taobh istigh de 21 lá ón am a chuir tú d’iarratas ar líne isteach. Cuirfearmoill leis an bpróiseáil agus cinneadh a dhéanamhmás amhlaidh go gcuirtear aon mhoill leis an bhfoirm seo a chuir ar fáil. Is féidir go mbeidh tionchar ar thoradh maidir le d’éileamh, muna gcuireann tú an fhoirm ar fáil laistigh de 21 lá.

Conas d’fhoirm INVMed1 a roinnt leis an Roinn:

trí rogha ar fáil duit maidir leis an bhfoirm INVMed1 a sholáthar:

  1. Déan í a uaslódáil i dteannta d’iarratas
  2. An fhoirm a huaslódáil ar an tseirbhís Bainistigh m’Éileamh ar dheais do chuntais MyWelfare. Beidh sé sin ar fáil tar éis duit d’iarratas a chur isteach
  3. Is féidir leatsa nó do dhochtúir í a chuir sa phost go dtí an seoladh atá thíos anseo ag an mbun

Seoladh poist:

Rannóg na nÉileamh ar Phinsean Easláine,
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh,
Tithe an Rialtais,
Bóthar Bhéal Átha na Lao,
Co. Longfort,
N39 E4E0

Cad a iarrfar ort?

Sonraí pearsanta

Iarrfar ort do sheoladh agus do chúrsaí cónaithe reatha a dheimhniú. Má tá cónaí ort i d’aonar, cuirfear ceist ort an dteastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar Mhéadú i leith Maireachtáil Aonair.

Caidreamh & eolas ar theaghlach

D’fhéadfaí go n-iarrfaí faisnéis ort maidir le leanaí cleithiúnacha ag brath ar do chúinsí, agus an dteastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Tacaíochta Linbh. Más amhlaidh a tharlaíonn, lorgófar uimhreacha PSP do leanaí. D’fhéadfaí go n-iarrfaí ort ar mhaith leat iarratas a dhéanamh ar Mhéadú i leith Duine Fásta Cáilithe. 

 

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí nó Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe, iarrfar ort stádas do chaidrimh a dhearbhú. D’fhéadfaí go n-iarrfaí uimhir PSP agus faisnéis airgeadais do phairtnéara ort.

Sonraí fostaíochta & taithí oideachais

Iarrfar eolas ort maidir le do chuid taithí fostaíochta agus oibre agus chun a dhearbhú an bhfuil tú ag obair faoi láthair. Iarrfar ort chomh maith sonraí maidir le haon fhostaíocht a bhí agat lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, a chur ar fáil. Cabhróidh sé seo do chuid incháilitheachta maidir le Pinsean Easláine.

Sonraí leighis

Iarrfar ort eolas a chur ar fáil maidir leis an tionchar atá ag do bhail, breoiteacht, gortú nó míchumas ar do shaol ó lá go lá agus ar do chumas tabhairt faoi fhostaíocht. Áirítear ina measc seo, sonraí maidir le cóireáil, tacaíochtaí, dochtúirí, speisialtóirí, teiripeoirí nó comhairleoirí. Iarrfar ort chomh maith foirm chomhlánaithe INVMed1 a chur ar fáil.

 

D’fhéadfaí nach n-iarrfaí ort an fhaisnéis seo a chur ar fáil, más amhlaidh é gur sholáthar tú le déanaí, faisnéis liachta a bhaineann le híocaíocht fhadtéarmaí atá bunaithe ar bhreoiteacht.

Pinsean Easláine
Déan iarratas anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.