Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad í an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht?
Is í an Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht ná íocaíocht sheachtainiúil atá saor ó cháin d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu. Féadfaidh duine amháin sa líon tí an íocaíocht seo a fháil.
Cé a fhéadfaidh Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a fháil?
Féadfaidh tú Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht a fháil
- Má tá leanbh amháin nó breis agus leanbh amháin agat
- Má oibríonn tú 38 n-uaire an chloig nó níos mó in aghaidh na coicíse i bhfostaíocht ar phá. Féadfaidh tú thairis sin d'uaireanta seachtainiúla an chloig a chur le huaireanta an chloig a oibríonn do pháirtnéir chun cabhrú ó thaobh na riachtanais a chomhlíonadh
- Tugann áireamh maidir le d’ioncam teaghlaigh le fios go bhfuil sé faoi thairseach áirithe. Déan seiceáil ar an tábla thíos le haghaidh teorainneacha ioncaim
- Má táthar ag súil leis go leanfaidh d'fhostaíocht go ceann 3 mhí ar a laghad
- Más tusa saothraí an ioncaim is airde sa chaidreamh
I dtaca leis na treoirlínte ar an scéim, féach www.gov.ie, le do thoil
Fógra Liúntais Breosla
Ón 1 Eanáir 2026, beidh Liúntas Breosla ar fáil do gach faighteoir Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a chomhlíonann na coinníollacha cáilitheacha. Má fhaigheann tú Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht faoi láthair, seiceálfaimid d’incháilitheacht go huathoibríoch agus íocfar aon riaráistí ar an 12 Márta 2026. Má thosaigh tú ag fáil Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht tar éis an 1 Eanáir 2026, íocfar aon riaráistí Liúntais Bhreosla ón dáta a thosaigh do theidlíocht.
Ón 28 Feabhra 2026, áireofar ar éilimh nua Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht rannóg d’iarratasóirí chun a n-incháilitheacht Liúntas Breosla a dhearbhú. Má cháilíonn tú, eiseofar d’íocaíocht Liúntais Breosla mar aon le d’Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le linn shéasúr an bhreosla. Tosaíonn an séasúr breosla ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus críochnaíonn sé i mí Aibreáin gach bliain.
Teorainneacha ioncaim d'Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
Teorainneacha ioncaim d'Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht ón 2 Eanáir 2025
| Méid an Teaghlaigh | Teorainn Ioncaim Sheachtainiúil Teaghlaigh | Teorainn Ioncaim Bhliantúil Teaghlaigh |
| Páiste amháin | €765 | €39,780 |
| Beirt pháistí | €866 | €45,032 |
| Triúr páistí | €967 | €50,284 |
| Ceathrar páistí | €1,058 | €55,016 |
Tá tuilleadh eolais faoi threoirlínte ioncaim do theaghlaigh níos mó ar fáil ar gov.ie
Cad iad na rudaí a bhfiafrófar díot fúthu?
Féadfar fiafraí díot faoin eolas seo a leanas:
Do shonraí
Ceisteanna fút féin, faoi do leanaí agus faoi do stádas caidrimh.
Fostaíocht
Ceisteanna faoi d’fhostaíocht. Beidh ort an chláruimhir fostóra a bhaineann leat féin agus le do chéile/pháirtí (más bainteach) a sholáthar. Mura bhfuil an chláruimhir fostóra ar do dhuillín pá, is féidir le d’fhostóir an t-eolas sin a thabhairt duit. Tabhair faoi deara nach ionann sin agus d’uimhir foirne, fostaí ná PSP. e.g.1234567A.
Do chúrsaí airgid
Ceisteanna faoi aon ioncam a fhéadfaidh a bheith agat nó ag do pháirtnéir (más cuí).
Sonraí bainc
Ceanglófar ort ainm agus IBAN do chuntais a chur isteach.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.