Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Cad atá sa Liúntas Míchumais?

Is íocaíocht sheachtainiúil é an Liúntas Míchumais do dhaoine a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach, tinneas, gortú nó míchumas orthu. 

Cé atá in ann Liúntas Míchumais a fháil?

Chun cáiliú don Liúntas Míchumais, ní mór duit:

  • a bheith idir 16 agus 66 bliain d’aois
  • A bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn
  • Tástáil acmhainne a chomhlíonadh
  • Riocht sláinte, gortú, breoiteacht nó míchumas a bheith agat a mheastar a mhairfidh ar feadh 12 mhí ar a laghad

A bheith srianta go mór ó bheith ag obair i ról atá oiriúnach do d’aois, do thaithí agus do cháilíochtaí. 

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Liúntas Míchumais ar gov.ie.

Conas ullmhú le haghaidh d’iarratais ar Liúntas Míchumais:

Tá an t-iarratas ar Liúntas Míchumais comhdhéanta de chodanna iomadúla:

  1. An t-iarratas ar líne seo agus é comhlánaithe agatsa.
  2. An fhoirm leighis pháipéir (DAMed1) arna gcomhlánú ag do dhochtúir nó ag do dhochtúir teaghlaigh. Tá an fhoirm DAMed1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie nó ó d’Ionad Intreo áitiúil.
  3. Dearbhú Soláthraí (DA-ED1) comhlánaithe má tá tú ag glacadh páirt i gcúrsa oiliúna nó i scéim fostaíochta. Tá an fhoirm DA-ED1 ar fáil le híoslódáil ar gov.ie nó ó d’Ionad Intreo áitiúil.

B’fhéidir nach n-iarrfar ort an fhoirm DAMed1 a sholáthar mar chuid den iarratas seo má sholáthair tú faisnéis leighis le déanaí a bhaineann le híocaíocht bunaithe ar bhreoiteacht fhadtéarmach.

Nóta tábhachtach: 

Is é an bealach is tapa chun cinneadh a fháil maidir le d’éileamh ná an fhoirm DAMed1 a uaslódáil i dteannta d’iarratais ar líne. Mura bhfuil tú in ann d’fhoirm DAMed1 a uaslódáil anois, uaslódáil nó cuir sa phost é laistigh de 21 lá tar éis d’iarratas ar líne a chur isteach. Má bhíonn aon deacracht agat an fhoirm a sholáthar, déan teagmháil linn laistigh den tréimhse seo. Teastaíonn fianaise leighis chun d’éileamh a mheas. Mura gcuirtear ar fáil í laistigh de 21 lá, ní bheimid in ann measúnú a dhéanamh ar d’incháilitheacht agus diúltófar d’iarratas. Bheadh ort iarratas nua a dhéanamh ansin.

Conas d’fhoirm DAMed1 agus doiciméid eile a roinnt leis an Roinn:

trí bhealach ann chun an fhoirm DAMed1 agus DA-ED1 a sholáthar:

1. Uaslódáil le d’iarratas iad.
2. Uaslódáil tríd an tseirbhís Bainistigh M’Éileamh ar dheais chuntais MyWelfare de do chuid iad. Beidh sé sin ar fáil tar éis duit d’iarratas a chur isteach.
3. An fhoirm a sheoladh chuig an seoladh thíos.

Seoladh poist:
Rannóg an Liúntais Míchumais,
An Roinn Coimirce Sóisialaí,
Tithe an Rialtais,
Bóthar Bhéal Átha na Lao,
An Longfort,
N39 E4E0

Cad a iarrfar ort?

Sonraí pearsanta

Iarrfar ort do sheoladh reatha agus do staid chónaithe a dhearbhú. Má tá tú i do chónaí leat féin, iarrfar ort an mba mhaith leat iarratas a dhéanamh ar an Méadú i leith Maireachtáil Aonair.

An Coinníoll Gnáthchónaithe

Iarrfar ort sonraí faoi thíortha eile a sholáthar má bhí cónaí ort lasmuigh d’Éirinn le 5 bliana anuas. Iarrfar ort freisin a dhearbhú an dteastaíonn Cead Cónaithe Éireannach uait chun cónaí agus oibriú in Éirinn.

Sonraí oibre & taithí oideachais

Iarrfar ort faoi do thaithí oibre agus oideachais agus a dheimhniú an bhfuil tú ag obair faoi láthair. Cabhróidh an fhaisnéis seo linn do chumas oibre a mheas agus cinneadh a dhéanamh maidir le do cháilitheacht don Liúntas Míchumais.

Sonraí Caidrimh agus Teaghlaigh

Iarrfar ort stádas do chaidrimh a dhearbhú agus sonraí faoi do pháirtí a chur ar fáil, lena n-áirítear a UPSP agus faisnéis airgeadais. Úsáidfear é seo chun measúnú a dhéanamh ar d’incháilitheacht do Liúntas Míchumais. Má tá ioncam do pháirtí faoi bhun leibhéal áirithe, d’fhéadfá a bheith i dteideal Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe freisin.

 

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht Tacaíochta Leanaí, cuirfear ceist ort faoi aon leanaí cleithiúnacha atá agat. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla, iarrfar ort sonraí a sholáthar do gach duine atá ina gcónaí sa teaghlach

Sonraí Leighis

Cuirfear ceist ort faoin tionchar a bhíonn ag do riocht, do bhreoiteacht, do ghortú nó do mhíchumas ar do shaol laethúil agus ar do chumas oibre. Áirítear leis seo sonraí faoi chóireáil, tacaíochtaí, dochtúirí, speisialtóirí, teiripeoirí nó comhairleoirí. Iarrfar ort foirm DAMed1 comhlánaithe a sholáthar freisin.

 

B’fhéidir nach n-iarrfaimid an fhaisnéis seo ort má sholáthair tú faisnéis leighis le déanaí a bhaineann le híocaíocht bunaithe ar bhreoiteacht fhadtéarmach.

Liúntas Míchumais
Déan iarratas anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.