Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad atá sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh?
Is éard atá sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh ná pacáiste liúntas in aghaidh an teaghlaigh a chabhraíonn leat leis na costais a bhaineann le do theaghlach a reáchtáil. Ní mór duit a bheith i do chónaí go hiomlán sa Stát chun an liúntas seo a fháil agus ní féidir ach le ball amháin den teaghlach cáiliú don Phacáiste Sochair Teaghlaigh. Tá dhá liúntas ann: an Liúntas Leictreachais nó Gáis agus an Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce.
Cé atá in ann an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil?
Féadfaidh tú Sochair Teaghlaigh a fháil má:
- Tá tú os cionn 70 bliana d'aois.
- Tá tá tú idir 66 agus 70 bliain d’aois agus Pinsean Stáit á fháil agat.
- Tá tú idir 66 agus 70 bliain d'aois agus níl Pinsean Stáit á fháil agat ach sásaíonn tú tástáil acmhainne.
- Tá tú faoi 70 bliain d’aois agus tá Pinsean/Sochar Slándála Sóisialaí coibhéiseach ó thír eile á fháil agat.
- Tá tú faoi bhun 66 bliain d'aois agus ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall nó Forlíonadh Éagumais le Sochar Míthreorach.
- Tá Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala nó Pinsean Baintreach/Baintreach Fir an Gharda Síochána á fháil agat agus tú idir 60 agus 65 bliain d'aois, agus bhí an Pacáiste Sochair Teaghlaigh á fháil ag do chéile nó do pháirtnéir nach maireann.
- Tá Liúntas Cúramóra á fháil agat do dhuine a bhfuil tú i do chónaí leis agus atá faoi do chúram.
Tá tuilleadh eolais faoi íocaíochtaí cáilitheacha ar fáil ar gov.ie.
Cad faoi a gceisteofar thú?
Do staid chónaithe
Cuirfear ceist ort faoin áit ina gcónaíonn tú agus an bhfuil an Pacáiste Sochair Teaghlaigh faighte nó á fháil ag aon duine i do theaghlach.
Do shonraí caidrimh
Beidh ort do stádas caidrimh a sholáthar agus b’fhéidir go n-iarrfar ort tuilleadh sonraí a sholáthar faoi na daoine atá ina gcónaí leat, lena n-áirítear a nUimhir PSP
Sonraí maidir le do leictreachas/gás agus do cheadúnas teilifíse
Beidh ort d’Uimhir MPRN leictreachais nó d’Uimhir GPRN gáis a sholáthar. B’fhéidir go mbeidh ort d’Uimhir Thagartha Cheadúnais Teilifíse a sholáthar freisin.
Do shonraí íocaíochta
Caithfidh tú sonraí a sholáthar, maidir leis an gcuntas bainc ina dteastaíonn uait go n-íocfaí tú nó an oifig phoist, áit ina mbeidh an íocaíocht á bailiú agat.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.