Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.
Cad is Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ann?
Is íocaíocht tacaíochta ioncaim é an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA) do dhaoine ar mian leo dul i mbun oideachais lánaimseartha. Is é aidhm na scéime seo ná cabhrú le daoine a gcáilíochtaí a fheabhsú agus fostaíocht inbhuanaithe a aimsiú.
Cé a fhéadfaidh Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas a fháil?
Chun cáiliú le haghaidh Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas, ní mór duit:
- Riachtanais aoise a chomhlíonadh
- A bheith ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh cháilithigh nó i dteideal ceann a fháil ar feadh tréimhse sonraithe ama. Is féidir leat liosta d’íocaíochtaí agus tréimhsí ama cáilitheacha a fháil ar gov.ie
- Freastal ar chúrsa lánaimseartha, i gcoláiste aitheanta a bhronnann cáilíocht aitheanta. Tá tuilleadh eolais faoi na cineálacha roghanna staidéir le haghaidh BTEA ar fáil thíos
- A bheith ag cur tús le céad bhliain an chúrsa
- A bheith ag déanamh dul chun cinn ó thaobh leibhéal oideachais de (le heisceachtaí áirithe)
Tá na critéir incháilitheachta difriúil má tá tú ag cur isteach ar chúrsa lánaimseartha Springboard+:
- Níl aon riachtanas aoise ann
- Is é 9 mí an tréimhse cháilithe
- Ní íocaíochtaí cáilitheacha do chúrsaí Springboard+ iad Sochar Breoiteachta ná Pinsean Easláine
- Is féidir go mbeadh an cúrsa ar leibhéal cosúil nó níos airde ná ceann atá agat cheana féin
- Níl custaiméirí i dteideal an liúntais Costas Oideachais agus iad ar chúrsa Springboard+.
Cad iad na roghanna staidéir?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas do na roghanna staidéir seo a leanas:
- Cúrsaí staidéir Breisoideachais le haghaidh dámhachtain suas go dtí agus lena n-áirítear leibhéal 6 CCÉ. Foghlaim tuilleadh faoi roghanna oideachais bhreise ar Qualifax.
- Cúrsaí staidéir Ardoideachais suas go dtí agus lena n-áirítear Céim Onóracha (leibhéal 8 QQI). I gcúinsí teoranta, féadfaidh staidéar iarchéime a bheith san áireamh leis freisin.
- Springboard+ agus cúrsaí Tionscnaimh Caipitil Daonna.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna staidéir atá ar fáil faoin BTEA ar gov.ie.
Cad a iarrfar ort?
Sonraí pearsanta
Iarrfar ort do sheoladh reatha a dheimhniú.
Sonraí Cúlra
Cuirfear ceist ort faoi d’oideachais, d’oiliúint nó do scéim fostaíochta is déanaí agus faoi aon iomarcaíocht a d’fhéadfadh a bheith faighte agat le 12 mhí anuas.
Stair Oideachais
Iarrfar ort an cháilíocht is airde atá bainte amach agat in Éirinn nó thar lear a dhearbhú. Iarrfar ort freisin sonraí a sholáthar faoi aon chúrsa ar fhreastail tú air ach nár chríochnaigh tú.
Sonraí faoin gcúrsa
Iarrfar ort sonraí a sholáthar faoin gcúrsa ar mian leat freastal air.
Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo.