Cén cineál grianghraf is gá dom a uaslódáil?

Déanfaidh MyWelfare an grianghraf a uaslódálann tú a sheiceáil lena chinntiú go gcomhlíonann sé ár riachtanais. Ní mór duit na treoirlínte seo a leanúint agus do ghrianghraf á thógáil:

Cúlra & Soilsiú

  • Bain úsáid as cúlra simplí, a bhfuil dath éadrom air. Ní féidir linn glacadh le híomhánna le cúlraí patrúnacha nó painéil orthu
  • Ná cuir san áireamh ach do cheann, do ghuaillí agus do chliabhrach
  • Fág spás idir tú féin agus imeall an ghrianghraif
  • Caithfidh dath iomlán a bheith ar an ngrianghraf, fiú soilsiú a bheith ann gan aon scáthanna

Dreacha aghaidhe agus cuma

  • Féach go díreach i dtreo an cheamara
  • Ní mór d'aghaidh agus na súile a bheith go hiomlán infheicthel
  • Níor cheart duit spéaclaí a chaitheamh sa ghrianghraf
  • Bíodh cuma neodrach ort agus do bhéal dúnta
  • Ná húsáid scagaire ná feabhsaigh an grianghraf go digiteach ar aon bhealach

Treoirlínte Teicniúla

  • Cinntigh nach bhfuil an pictiúr doiléir, picteilínithe ná ísealtaifigh.
  • Uaslódáil grianghraf le déanaí, a tógadh laistigh de na 6 mhí seo caite.
  • Ní mór do dhuine eile an grianghraf a thógáil. Ná glac féinín le do thoil.
  • Ná húsáid scagaire ná feabhsaigh an grianghraf go digiteach ar aon bhealach.
  • Ná uaslódáil grianghraf de ghrianghraf
  • Glactar le formáid JPEG, nó JPG uasmhéid 10MB
  • Ní mór go mbeadh d’íomhá ar a laghad 715 picteilín ar leithead agus 951 picteilín ar airde.

Físeán treoracha le haghaidh grianghraif

 

 

Conas is féidir liom grianghraf maith a ghlacadh?

Achar

Bí cinnte go ngabhann tú d’íomhá i gceart
•    Ní mór don ghrianghraf d’íomhá a ghabháil ó cheann go lár na cabhlach
•    Ní mór spás infheicthe a bheith idir do cheann agus do ghuaillí agus imeall do ghrianghraif

Distance 1

Tick Fad inghlactha

Distance 2

X Grianghraf rófhada ar shiúl

Distance 3

X Grianghraf róghar

Gnúiseanna

Cinntigh go bhfuil do ghnúiseanna le feiceáil go soiléir
•    Níor chóir aon chuid de d’aghaidh a chlúdach le do chuid gruaige nó le haon ceannbheart reiligiúnach
•    Níor chóir spéaclaí a chaitheamh
•    Ná caith hata ná caipín

Facial Features 1

Tick Biodh do shúile sofheicthe

Facial Features 2

X Gan spéaclaí

Facial Features 3

X Gan aon ghruaig ag clúdach do shúile

Cúlra

Tóg do ghrianghraf os comhair cúlra simplí
•    Tóg do ghrianghraf os comhair cúlra dathéadrom simplí gan uigeacht, painéil ná patrúin
•    Níor chóir go mbeadh aon rud le feiceáil sa chúlra

Background 1

Tick Cúlra simplí dathéadrom

Background 2

X Gan uigeacht sa chúlra

Background 3

X Gan rud ar bith sa chúlra

Cuma

Cuma simplí agus aghaidh le feiceáil go soiléir
•   Bí cinnte go bhfuil cuma neodrach ort, nach bhfuil tú ag gáire agus go bhfuil do bhéal dúnta
•   Ní mór duit breathnú díreach i dtreo an cheamara agus ná claon do cheann

Expression 1

Tick Cuma simplí agus béal dúnta

Expression 2

X Ná bíodh meangadh ar d’aghaidh

Expression 3

X Ná thiontaigh do shúile ón gceamara

Soilsiú agus scáil

Ní mór soilsiú cothrom a bheith ag do ghrianghraf
•    Cinntigh go bhfuil solas cothrom agat — gan scáthanna ar d’aghaidh ná taobh thiar díot
•    Is fearr solas nádúrtha a úsáid, glac an grianghraf agus tú os comhair fuinneoige

Lighting and Shadow 1

Tick Soilsiú cothrom agus gan aon scáileanna

Lighting and Shadow 2

X Gan aon scáileanna ar d’aghaidh

Lighting and Shadow 3

X Gan scáileanna taobh thiar de do cheann