Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo

Cad is Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ann?

Is íocaíocht tacaíochta ioncaim é an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEA) do dhaoine ar mian leo dul i mbun oideachais lánaimseartha. Is é aidhm na scéime seo ná cabhrú le daoine a gcáilíochtaí a fheabhsú agus fostaíocht inbhuanaithe a aimsiú.

Cé a fhéadfaidh Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas a fháil?

Chun cáiliú le haghaidh Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas, ní mór duit:

  • Riachtanais aoise a chomhlíonadh
  • A bheith ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh cháilithigh nó i dteideal ceann a fháil ar feadh tréimhse sonraithe ama. Is féidir leat liosta d’íocaíochtaí agus tréimhsí ama cáilitheacha a fháil ar gov.ie
  • Freastal ar chúrsa lánaimseartha, i gcoláiste aitheanta a bhronnann cáilíocht aitheanta. Tá tuilleadh eolais faoi na cineálacha roghanna staidéir le haghaidh BTEA ar fáil thíos
  • A bheith ag cur tús le céad bhliain an chúrsa
  • A bheith ag déanamh dul chun cinn ó thaobh leibhéal oideachais de (le heisceachtaí áirithe)

Tá na critéir incháilitheachta difriúil má tá tú ag cur isteach ar chúrsa lánaimseartha Springboard+:

  • Níl aon riachtanas aoise ann
  • Is é 9 mí an tréimhse cháilithe
  • Ní íocaíochtaí cáilitheacha do chúrsaí Springboard+ iad Sochar Breoiteachta ná Pinsean Easláine
  • Is féidir go mbeadh an cúrsa ar leibhéal cosúil nó níos airde ná ceann atá agat cheana féin
  • Níl custaiméirí i dteideal an liúntais Costas Oideachais agus iad ar chúrsa Springboard+.

Cad iad na roghanna staidéir?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas do na roghanna staidéir seo a leanas:

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna staidéir atá ar fáil faoin BTEA ar gov.ie.

Cad a iarrfar ort?

Sonraí pearsanta

Iarrfar ort do sheoladh reatha a dheimhniú.

Sonraí Cúlra

Cuirfear ceist ort faoi d’oideachais, d’oiliúint nó do scéim fostaíochta is déanaí agus faoi aon iomarcaíocht a d’fhéadfadh a bheith faighte agat le 12 mhí anuas.

Stair Oideachais

Iarrfar ort an cháilíocht is airde atá bainte amach agat in Éirinn nó thar lear a dhearbhú. Iarrfar ort freisin sonraí a sholáthar faoi aon chúrsa ar fhreastail tú air ach nár chríochnaigh tú.

Sonraí faoin gcúrsa

Iarrfar ort sonraí a sholáthar faoin gcúrsa ar mian leat freastal air.

Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
Déan Iarratas Anois

Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat ceann a chruthú anseo